Baile
Fáilte go tairseach Comhairliúcháin Ar Líne Chomhairle Contae Lú
Is féidir leat páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin phoiblí ar an suíomh seo. Úsáid an nasc brabhsála chun amharc ar chomhairliúcháin oscailte agus atá ag teacht aníos nó iad a chuardach.Iarrtar ort i roinnt comhairliúchán clárú sular féidir leat aighneacht a dhéanamh.
Cláraigh le haghaidh cuntas chun aighneacht a dheanamh. Is próiseas aonuaire é an próiseas cláraithe agus is féidir do chuntas a úsáid le haghaidh gach ceann de chomhairliúcháin phoiblí na Comhairle ar líne. Cuirfidh sé sin ar do chumas aighneachtaí a thaifeadadh thar roinnt comhairliúchán agus dul chun cinn aighneachtaí atá comhlánaithe i bpáirt a shábháil agus iad a chomhlánú níos déanaí.
Seachas mar a éilítear sa dlí, tá d’fhaisnéis phearsanta mar sonraí teagmhála a bhailítear mar chuid den phróiseas comhairliúcháin faoi chosaint ag reachtaíocht cosaint sonraí. Beidh siad rúnda go fóill agus ní fhoilseofar agus ní chomhroinnfear iad le tríú páirtithe.
Cláraigh úsáideoir nua
Faigh do chuntas in aisce chun d’aighneachtaí chuig tairseach Comhairliúcháin Ar Líne Chomhairle Contae Lú a chruthú agus a bhainistiú.
Déan Aighneacht
Nuair a bheidh tú cláraithe is féidir leat tráchtanna éagsúla a dhéanamh mar chuid de d’aighneacht, suíomhanna léarscáileanna a chur leis, comhaid a uaslódáil agus a chur isteach.