Beartas Príobháideachais

Achoimre

Is seirbhís shaor in aisce í Tairseach Comhairliúcháin Ar Líne Comhairle Chontae Lú a chuirtear ar fáil chun rannpháirtíocht i gcomhairliúcháin phoiblí a éascú. Sa tairseach, foilsítear comhairliúcháin ar féidir leat aighneachtaí a thabhairt agus teachtaireachtaí a fháil ina leith, agus inar féidir idirghníomhú le haighneachtaí foilsithe nó iad a léamh agus iarratais a dhéanamh ar ár gcuid seirbhísí.

Tá ardmheas ag Comhairle Chontae Lú ar do cheart chun príobháideachais.

Ní bhaileoimid aon fhaisnéis phearsanta fút sa tairseach comhairliúcháin phoiblí gan cead soiléir a fháil uait. Is leis na caighdeáin slándála agus rúndachta is fearr is féidir, i gcomhréir dhlúth leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus leis an Acht um Chosaint Sonraí 2018, a bhainfear úsáid as aon fhaisnéis a chuireann tú isteach trí shuíomhanna gréasáin Comhairle Chontae Lú. Leagtar amach sa ráiteas príobháideachais seo cén chaoi a ndéanann Comhairle Chontae Lú (Rialaitheoir Sonraí) agus CiviQ (arb é an Próiseálaí Sonraí é agus an chuideachta ar léi an tseirbhís tairsigh comhairliúcháin ar líne) do chuid faisnéise pearsanta a phróiseáil, cén chaoi a gcoinnítear na sonraí pearsanta sin slán agus na beartais éagsúla a chloíonn leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

Forchoimeádann Comhairle Chontae Lú an ceart chun raon feidhme an ráitis phríobháideachais a leasú tráth ar bith, a bhféadfaidh suíomhanna nó ardáin eile a bheith ar áireamh ann nó as an áireamh.

Sonraí aitheantais agus teagmhála an rialaitheora:

Is é Comhairle Chontae Lú an rialaitheoir sonraí - Halla an Chontae, Ionad na Míllaoise, Dún Dealgan, A91 KFW6

Sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí:

-- Ríomhphost: eolas@contaelu.ie

Sonraí aitheantais agus teagmhála an phróiseálaí:

Is é CiviQ an próiseálaí sonraí. Business Barn, Lána Bhaile Uí Cheallaigh, Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara.

-- Ríomhphost:        info@civiq.eu
-- Guthán:               (01) 254 8006

Cén chaoi a mbailímid do chuid faisnéise?

Bailíonn Comhairle Chontae Lú agus an próiseálaí sonraí, CiviQ, faisnéis phearsanta uait ar ár son tríd an Ardán Comhairliúcháin Ar Líne, ar a dtugtar an "t-ardán", d'fhonn do chuid freagraí ar chomhairliúcháin phoiblí agus do chaidreamh le freagróirí eile a éascú. Bailítear do chuid faisnéise ar na bealaí seo a leanas:

  • Go díreach ón méid a scríobhann tú chuig an ardán ar an bhfoirm chlárúcháin, ar fhoirmeacha aighneachta, ar fhoirmeacha suirbhé agus i mboscaí tráchta;
  • Go huathoibríoch trí theicneolaíocht an ardáin, lena n-áirítear rianú ar líne trí bhíthin fianán gréasáin mar shampla (ar comhaid bheaga téacs iad arna gcruthú ag suíomhanna gréasáin a stóráiltear ar do ríomhaire)

An fhaisnéis a sholáthraíonn tú

Bailímid an fhaisnéis seo a leanas fút ón gcaoi a n-úsáideann tú an t-ardán:

  • Mionsonraí teagmhála, lena n-áirítear d'ainm, do sheoladh ríomhphoist, do sheoladh baile, seoladh do shuímh ghréasáin agus d'uimhir ghutháin;
  • An eagraíocht lena mbaineann tú i gcás go bhfuil eagraíocht nó cuideachta á clárú agat;
  • Inscne agus aois (roghnach);
  • Ainmneacha úsáideora agus pasfhocail;
  • Róil slándála suímh ghréasáin a chuireann ar do chumas feidhmeanna áirithe a chomhlíonadh go slán ar ardán CiviQ;
  • Cóid rianaithe amhail fianáin;
  • Aighneachtaí, tráchtanna, ríomhphoist, aiseolas maidir leis an ardán, léiriú tacaíochta d'úsáideoirí eile agus ábhar eile a chuireann tú ar fáil ar an ardán;
  • Toiliú chun ríomhphoist a fháil maidir le síntiúis, fógraí agus teachtaireachtaí, lena n-áirítear dáta agus am an toilithe;
  • Seoltaí Prótacal Idirlín (IP) anaithnidithe a úsáideadh chun do ríomhaire a cheangal leis an Idirlíon;
  • Cruthú cuntais agus an dáta agus am deiridh a logáil tú isteach;
  • Logging acceptance of the Privacy Policy and other Terms and Conditions;
  • Iniúchadh ar thascanna modhnóireachta ar d'aighneacht.

Má thugann tú aighneacht ar chomhairliúcháin de chineálacha áirithe beidh ort, nó b'fhéidir go mbeidh ort, d'ainm agus do sheoladh a thabhairt. Mar sin, iarrtar ort na sonraí sin a sholáthar nuair a logálann tú isteach san ardán le go mbeidh tú in ann páirt a ghlacadh go héasca i ngach sórt comhairliúcháin. Is gá toiliú a thabhairt chun cineálacha áirithe cumarsáide a fháil ón ardán. Orthu sin tá teachtaireachtaí agus fógraí. Féadfaidh tú a roghnú gur mhaith leat fógraí faoi chomhairliúcháin agus teachtaireachtaí córais a fháil nó nár mhaith leat sin agus an toiliú a tharraingt siar.

Céard atá uainn agus cén fáth?

Féadfaimid an fhaisnéis a choinnímid fút a úsáid sna bealaí seo a leanas:

Faisnéis a sholáthraíonn tú dúinn.

Úsáidfimid an fhaisnéis sin:

  • chun ár n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le do fhreagraí ar chomhairliúcháin phoiblí a phróiseáil;
  • chun eolas a chur ar fáil duit;
  • chun cur in iúl duit go bhfuaireamar do fhreagra ar chomhairliúchán;
  • chun tú a chur ar an eolas maidir le haon athruithe ar aon cheann dár gcuid seirbhísí;
  • chun a chinntiú go gcuirtear ábhar an ardáin i do láthair ar an mbealach is éifeachtaí duit féin agus do do ríomhaire;

Faisnéis fút féin a bhailíonn an t-ardán.

Úsáidtear an fhaisnéis sin:

  • chun an t-ardán a riaradh agus chun oibríochtaí inmheánacha a chur i gcrích, lena n-áirítear fabhtcheartú agus tástáil;
  • chun an t-ardán a fheabhsú d'fhonn a chinntiú go gcuirtear ábhar i do láthair ar an mbealach is éifeachtaí duit féin agus do do ríomhaire nó do ghléas móibíleach;
  • chun an t-ardán a choinneáil sábháilte agus slán; agus
  • chun cuidiú le hionchuimsitheacht na gcomhairliúchán poiblí agus raon a dtionchair a mhéadú trí anailísíocht tríú páirtí dála Google Analytics a úsáid.

An bunús dlí atá againn le do chuid faisnéise a úsáid

Is é an príomhbhunús dlí atá le próiseáil do chuid sonraí pearsanta ná go bhfuil an phróiseáil sin:

  • riachtanach le go mbeimid in ann cloí lenár n-oibleagáidí dlí agus/nó
  • riachtanach le go gcuirfimid ár gcúraimí i gcrích ar mhaithe le leas an phobail agus/nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe dúinn.

Iarrfaimid ort do thoiliú a thabhairt i ndáil le cineálacha áirithe cumarsáide agus fógraí.

Cén fhad a choimeádaimid do chuid faisnéise

Coimeádfaimid do chuid sonraí go dtí cibé tráth a éilítear le dlí nó, i gcás nach bhfuil ceanglas dlí ann, go dtí go dtarraingeoidh tú siar do thoiliú. Is féidir leat bainistíocht a dhéanamh ar na socruithe a bhaineann le do thoiliú i leith cumarsáide, fógraí agus teachtaireachtaí ar an leathanach Bainistigh Toiliú san ardán – https://consult.louth.ie/user/consent

Féadfaidh tú aon cheann de do chearta mar atá leagtha amach sa Bheartas Príobháideachais a fheidhmiú ach ríomhphost a sheoladh chugainn ag: eolas@contaelu.ie

Stóráil do chuid faisnéise, aistrithe idirnáisiúnta sonraí agus cúrsaí slándála

I gcás go dtugaimid duit (nó i gcás go roghnaíonn tú) pasfhocal a chuireann ar do chumas teacht a fháil ar chodanna áirithe den ardán, tá tú freagrach as an bpasfhocal sin a choinneáil faoi rún. Iarraimid ort gan do phasfhocal a roinnt le duine ar bith.

Ní rud iomlán slán é tarchur eolais thar an Idirlíon. Cé go ndéanfaimid ár ndícheall do chuid sonraí pearsanta a chosaint, ní féidir linn slándáil na sonraí a tharchuirtear chuig ár n-ardán a ráthú; is ar do phriacal féin é aon tarchur. Ón uair a fhaighimid do chuid faisnéise leanfaimid nósanna imeachta dochta agus úsáidfimid uirlisí slándála chun teacht neamhúdaraithe uirthi a chosc.

Is laistigh den Aontas Eorpach a tharchuirfear sonraí agus beidh an tarchur faoi chumhdach an RGCS dá réir.

Nochtadh faisnéise

Ní roinnfimid do chuid faisnéise le tríú páirtithe. Ó am go chéile, chun críocha seirbhís a thabhairt don ardán agus é a fhorbairt, a thástáil agus a dheisiú, d'fhéadfadh teacht a bheith ag roinnt tríú páirtithe ar chodanna den ardán ina bhfuil do chuid sonraí stóráilte. Sna cásanna sin, beidh na tríú páirtithe faoi cheangal ag comhaontuithe cosanta sonraí a chloíonn leis an RGCS freisin.

Uathchinnteoireacht

Ní úsáidtear do chuid sonraí pearsanta le haghaidh aon chineál uathchinnteoireachta.

Fianáin

Chun tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-úsáidimid fianáin, féach an Beartas maidir le Fianáin.

Do chearta

Tá cearta áirithe agat maidir leis an bhfaisnéis phearsanta s'agatsa a phróiseálaimid. Tugtar liosta de na cearta sin thíos. Ní cearta glana iad seo; tá feidhm acu faoi réir coinníollacha áirithe. Mar shampla, féadfar do chearta a áireamh orthu seo:

  • an ceart teacht a fháil ar shonraí pearsanta de do chuid atá á gcoimeád againn;
  • an ceart ceangal a chur orainn aon sonraí pearsanta de do chuid atá á gcoimeád againn agus atá neamhchruinn a cheartú;
  • i gcásanna áirithe, an ceart ceangal a chur orainn sonraí pearsanta de do chuid atá á gcoimeád againn a scriosadh;
  • i gcásanna áirithe, an ceart srian a chur ar an bpróiseáil a dhéanaimid ar shonraí pearsanta de do chuid atá á gcoimeád againn;
  • i gcásanna áirithe, an ceart chun sonraí pearsanta ar sholáthair tú dúinn a fháil i bhformáid struchtúrtha a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín. Féadfar freisin an ceart a bheith agat ceangal a chur orainn na sonraí pearsanta sin a tharchur chuig eagraíocht eile nuair is féidir, ar iarraidh uait;
  • an ceart agóid a dhéanamh maidir leis an bpróiseáil a dhéanaimid ar shonraí pearsanta de do chuid atá á gcoimeád againn (lena n-áirítear chun críocha ábhar margaíochta a sheoladh chugat); agus
  • an ceart do thoiliú a tharraingt siar, i gcás go bhfuilimid ag brath air chun úsáid a bhaint as do chuid sonraí pearsanta.

Chun na cearta sin a fheidhmiú, déan teagmháil linn ag eolas@contaelu.ie. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar an gcuid sin dár suíomh gréasáin a bhaineann le Cosaint Sonraí.

Is féidir leat cearta áirithe a fheidhmiú go díreach san ardán ar an leathanach Cuntas Pearsanta; an leathanach Mo Chuid Aighneachtaí; an leathanach Bainistigh Toiliú; agus ar na foirmeacha toilithe a úsáidimid nuair a bhailímid do chuid faisnéise pearsanta ach tic a chur le boscaí áirithe. Fágann sin gur féidir leat do chuid sonraí pearsanta a choinneáil suas chun dáta agus cineálacha áirithe próiseála a sheachaint.

Maidir le cumarsáid, más mian leat athbhreithniú a dhéanamh ar do roghanna tráth ar bith nó iad a athrú, is féidir leat an fheidhm ‘scar-rogha’ nó ‘díliostála’ a úsáid nó leas a bhaint as na bealaí eile chun sin a dhéanamh a chuirimid ar fáil sna píosaí cumarsáide a fhaigheann tú uainn. Tabhair do d'aire go bhféadfaidh tú píosaí cumarsáide idirbheartaíochta a fháil fós féin maidir le do chuid aighneachtaí.

Chun cearta eile a fhiosrú nó a fheidhmiú, cuir ríomhphost chuig an rialaitheoir sonraí. Leanfaidh CiviQ aon treoracha ón rialaitheoir sonraí maidir le d'iarratas.

Oibleagáid sonraí pearsanta a sholáthar

Chun seirbhísí áirithe a chur ar fáil duit caithfidh Comhairle Chontae Lú do shonraí pearsanta a fháil; ní féidir seirbhísí dá leithéid a sholáthar dá n-éagmais. Ina leithéid de chás, cuirfear in iúl go soiléir duit nuair a iarrann tú na seirbhísí sin cé na sonraí pearsanta is gá dúinn a choimeád agus a phróiseáil.

Athruithe ar an mbeartas seo

Forchoimeádaimid an ceart chun an Beartas Príobháideachais a mhionathrú tráth ar bith. Má dhéanaimid agus nuair a dhéanfaimid athruithe ar an mbeartas príobháideachais, roinnfimid a bhfuil i gceist leis na hathruithe sin ar an leathanach seo. Lean ort ag coinneáil súil ar an leathanach seo sa chaoi go mbeidh tú i gcónaí ar an eolas faoi aon athruithe.

Ábhar imní nó gearáin

Má tá aon ábhar imní nó gearáin agat maidir le próiseáil do chuid sonraí pearsanta nó maidir le freagraí Comhairle Chontae Lú i ndáil le do chuid sonraí pearsanta, tá sé de cheart agat gearán a chur faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí, Teach na Canála, Bóthar an Stáisiúin, Cúil an tSúdaire, Co. Laoise R32 AP23

-- ríomhphost: info@dataprotection.ie

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar an gcuid de shuíomh gréasáin Comhairle Chontae Lú a bhaineann le Cosaint Sonraí.

Chun cúnamh a fháil maidir le cúrsaí Cosanta Sonraí, déan teagmháil le: Data Protection Officer, Millennium Centre, Saint Alphonsus Road, Dundalk

-- ríomhphost: eolas@contaelu.ie