COMHAIRLIÚCHÁN FAOI ALT 20 DEN ACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000 (ARNA LEASÚ)
ULLMHÚ PLEAN CEANTAIR ÁITIÚIL DO DHÚN DEALGAN
Tugtar fógra leis seo, de réir Alt 20(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Lú dul i gcomhairle sula n-ullmhaítear Plean Ceantair Áitiúil do Dhún Dealgan.
Glac páirt sa chomhrá agus ‘Bíodh do dheis labhartha agat’ chun forbairt Dhún Dealgan amach anseo a mhúnlú
Chun rannpháirtíocht sa phróiseas seo a spreagadh, d’ullmhaigh Comhairle Contae Lú Páipéar Saincheisteanna Réamh-Dhréachta, atá ar fáil lena iniúchadh/íoslódáil sna láithreacha seo a leanas, ó Déardaoin 01 Meitheamh, 2023 go dtí Dé hAoine 30 Meitheamh, 2023 (san áireamh):
Deasca Seirbhíse do Chustaiméirí ag Oifigí na Comhairle (le linn gnáthuaireanta oscailte):
Halla an Chontae, Ionad na Mílaoise, Bóthar San Alphonsus, Dún Dealgan, Co. Lú, A91 KFW6
Ceardlann agus Siúlóid Chomharsanachta – Tá sé mar aidhm ag an gceardlann seo rannpháirtíocht an phobail a chur chun cinn in ullmhú Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta an Phlean. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag https://consult.louthcoco.ie/
Dé Máirt, 13 Meitheamh, 2023
4:30pm-7:45pm
Tugtar cuireadh do bhaill an phobail aighneachtaí/tuairimí a dhéanamh maidir leis an bPáipéar Réamhdhréachta seo le linn na tréimhse comhairliúcháin phoiblí, ó Déardaoin 01 Meitheamh, 2023, go dtí 4.30pm Dé hAoine 30 Meitheamh, 2023 (san áireamh).
Tugtar cuireadh do dhaoine aonair, do ghrúpaí, d’eagraíochtaí nó d’ionadaithe, chomh maith le leanaí, nó grúpaí nó cumainn a dhéanann ionadaíocht ar leasanna leanaí, páirt a ghlacadh i múnlú an Dréachtphlean Ceantair Áitiúil nua.
• I scríbhinn marcáilte “Páipéar Saincheisteanna Réamh-Dhréachta Plean Ceantair Áitiúil Dhún Dealgan” chuig an Rannóg Pleanála, Comhairle Contae Lú, Halla an Bhaile, Sráid Crowe, Dún Dealgan, Co. Lú A91 W20C.
Ba cheart d’ainm agus do sheoladh teagmhála a bheith san áireamh sna haighneachtaí go léir (ar bhileog ar leith), agus, nuair is cuí, sonraí aon eagraíochta, grúpa pobail nó cuideachta srl. a ndéanann tú ionadaíocht dóibh.
Tabhair do d’aire go gcuirfear gach aighneacht ar fáil don phobal le breathnú air ar shuíomh Gréasáin comhairliúcháin na Comhairle. Coinneoidh Comhairle Contae Lú gach sonraí pearsanta a thabharfaidh tú faoi rún. Ní choinneoimid do shonraí ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun an Plean Ceantair Áitiúil a ullmhú agus de réir Bheartas Coinneála Chomhairle Contae Lú agus na reachtaíochta ábhartha um Chosaint Sonraí.
Thomas McEvoy Stiúrthóir Seirbhísí Comhairle Chontae Lú
PLEAN CEANTAIR ÁITIÚIL DHÚN DEALGAN 2024 -2030
Primary tabs
COMHAIRLE CHONTAE LÚ
COMHAIRLIÚCHÁN FAOI ALT 20 DEN ACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000 (ARNA LEASÚ)
ULLMHÚ PLEAN CEANTAIR ÁITIÚIL DO DHÚN DEALGAN
Tugtar fógra leis seo, de réir Alt 20(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Lú dul i gcomhairle sula n-ullmhaítear Plean Ceantair Áitiúil do Dhún Dealgan.
Glac páirt sa chomhrá agus ‘Bíodh do dheis labhartha agat’ chun forbairt Dhún Dealgan amach anseo a mhúnlú
Chun rannpháirtíocht sa phróiseas seo a spreagadh, d’ullmhaigh Comhairle Contae Lú Páipéar Saincheisteanna Réamh-Dhréachta, atá ar fáil lena iniúchadh/íoslódáil sna láithreacha seo a leanas, ó Déardaoin 01 Meitheamh, 2023 go dtí Dé hAoine 30 Meitheamh, 2023 (san áireamh):
Deasca Seirbhíse do Chustaiméirí ag Oifigí na Comhairle (le linn gnáthuaireanta oscailte):
Ar líne ag: consult.louthcoco.ie / www.louthcoco.ie
Leabharlanna
Seiceáil i do leabharlann áitiúil d'uaireanta oscailte.
Éascóidh baill foirne ó Rannóg Pleanála Chun Cinn Chomhairle Contae Lú seisiúin faisnéise poiblí buail isteach, mar seo a leanas:
Seisiúin Buail Isteach Comhairliúcháin
D
Am
Leabharlann Dhún Dealgan, Plás Roden, Dún Dealgan,
Co. Lú A91 RC44
Dé Máirt, 6 Meitheamh, 2023
4:30pm-7:45pm
Dé Máirt, 8 Meitheamh, 2023
4:30pm-7:45pm
Ceardlann agus Siúlóid Chomharsanachta – Tá sé mar aidhm ag an gceardlann seo rannpháirtíocht an phobail a chur chun cinn in ullmhú Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta an Phlean. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag https://consult.louthcoco.ie/
Dé Máirt, 13 Meitheamh, 2023
4:30pm-7:45pm
Tugtar cuireadh do bhaill an phobail aighneachtaí/tuairimí a dhéanamh maidir leis an bPáipéar Réamhdhréachta seo le linn na tréimhse comhairliúcháin phoiblí, ó Déardaoin 01 Meitheamh, 2023, go dtí 4.30pm Dé hAoine 30 Meitheamh, 2023 (san áireamh).
Tugtar cuireadh do dhaoine aonair, do ghrúpaí, d’eagraíochtaí nó d’ionadaithe, chomh maith le leanaí, nó grúpaí nó cumainn a dhéanann ionadaíocht ar leasanna leanaí, páirt a ghlacadh i múnlú an Dréachtphlean Ceantair Áitiúil nua.
Déan d’aighneacht trí mheán amháin mar a leanas:
• Ar líne trí chlárú ar https://consult.louthcoco.ie/
nó
• I scríbhinn marcáilte “Páipéar Saincheisteanna Réamh-Dhréachta Plean Ceantair Áitiúil Dhún Dealgan” chuig an Rannóg Pleanála, Comhairle Contae Lú, Halla an Bhaile, Sráid Crowe, Dún Dealgan, Co. Lú A91 W20C.
Ba cheart d’ainm agus do sheoladh teagmhála a bheith san áireamh sna haighneachtaí go léir (ar bhileog ar leith), agus, nuair is cuí, sonraí aon eagraíochta, grúpa pobail nó cuideachta srl. a ndéanann tú ionadaíocht dóibh.
Tabhair do d’aire go gcuirfear gach aighneacht ar fáil don phobal le breathnú air ar shuíomh Gréasáin comhairliúcháin na Comhairle. Coinneoidh Comhairle Contae Lú gach sonraí pearsanta a thabharfaidh tú faoi rún. Ní choinneoimid do shonraí ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun an Plean Ceantair Áitiúil a ullmhú agus de réir Bheartas Coinneála Chomhairle Contae Lú agus na reachtaíochta ábhartha um Chosaint Sonraí.
Thomas McEvoy
Stiúrthóir Seirbhísí
Comhairle Chontae Lú
Roinn
Aighneachtaí
Themes
Ábhair
Deais